Tá an obair ag tosnú ar an ductáil a chur faoi thalamh, ina mbeidh na cáblaí le haghaidh nascadh Gineadoir Gaoithe Ghaoth Dobhair chuig líonra leictreachais BSL. Tá na húinéirí talún ar an bhóthair phoiblí ar an eolas faoin obair seo agus tá feirme gaoithe Ghaoth Dobhar i gcomhairle leo agus déanann siad leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht a tharlaíonn go sealadach. Tá an obair ag cruthú go leor dúshláin; cé go ndearnadh suirbhéanna fairsing agus go ndeachaigh na soláthraithe fóntais go léir i gcomhairle leo, thainig na conraitheoirí ar go leor seirbhísí anaithnid. Tá maoirseacht a dheanamh ar an obair ar fad ag innealtóirí agus déanann ESB iniúchadh go rialta leis an obair a cheadú. Táthar ag súil go mbeidh an obair ar bhóithre poiblí críochnaithe roimh dheireadh mhí Meitheamh.
Táthar ag súil go dtosóidh obair ar bhóithre an láithreáin roimh dheireadh mhí Aibreáin 2018; déanfar an láithreán tógála a fhálú go sealadach le linn an tréimhse tógála faoi threoracha Sláinte agus Sábháilteachta.
Táthar ag súil le soláthar na dtuirbíní go dtí an suíomh anois sa chéad ráithe de 2019, agus táthar ag súil go ndéanfar forbairt ar an suíomh sa dara ráithe de 2019.