Bhí pleananna ag John Gillespie le fada gineadoir gaoithe Cronalaght a leathnú; ach chuir easpa cumais greille sa cheantar bac ar seo go dtí anois. Diomaite den síneadh a d’fhéadfadh a bheith ag gineadoir gaoithe Cronalaght, bhí pleananna fadtearma ag ESB Networks agus Eirgrid nasc 110kV a dhéanamh le Iarthar Dhún na nGall chun an líonra áitiúil a neartú. Ní fhéadfadh na forbróirí tús a chur le pleananna ar shíneadh a chur leais an sean-gineadoir go dtí gur tháinig na pleananna a bhí ag ESB Netowrks agus Eirgrid i gcrích. Rinneadh iarratas agus fuarthas pleanáil i 2009/10 le haghaidh 5 tuirbín mhóra agus bunaíodh cuideachta úr Gineadoir Gaoithe Teo chun an fheirm gaoithe úr a thógáil.

Tá Comhaontú Ceangail Eangaí ag Gineadoir Gaoithe Ghaoth Dobhair Teo le ESB Networks le MEC de 18 MW. Is é 38kV an voltas nasc; tá an pointe nasctha ag fostáisiún Ard-Aicme 110kV Ard, atá á thógáil faoi láthair ag eastát tionsclaíoch an Bhunbhig. Ag teacht leis an ngnáthchleachtas, beidh an nasc faoi thalamh, i nduchtanna sa bhóthar poiblí, uimhir bhóthair R258 & N56, suas le mionbhóthar L5253-1 ar an bhóthar rochtana gineadoir gaoithe agus chuig an bhFostáisiún ar shíomh na feirme gaoithe.

Tuirbíní

Déanfaidh an chuideachta Danmhairgis Vestas, an ceannasaí domhanda i bhforbairt tuirbíní gaoithe na 5 tuirbín Vestas V105 – 3.45MW a thairgeadh. Seolfar páirteanna na dtuirbíní chuig na Cealla Beaga nó go Cuan Dhoire agus  déanfar iad a iompar ar an bhóthar go dtí an suíomh. Dúshlán lóistíochta a bheas ann agus beidh comhar agus formheas de dhith ó go leor údaráis, lena n-áirítear An Garda Síochána, Innealtóirí Bóithre, An Chomhairle Contae, saineolaithe Sláinte agus Sábháilteachta srl. Beidh sé seo mar an gcéanna nuair a dtiocfaidh craein ar an suíomh. Cé gur dócha go gcuirfear isteach ar roinnt daoine, déanfar gach iarracht an suaitheamh a laghdú agus cuirfimid in iúl go luath doibh siúd sula gcuirtear isteach orthu.

Airgeadais

Beidh infheistíocht iomlán de thart ar EUR28 milliún i gceist leis an fheirm gaoithe. Cuirfidh thart ar 40% de seo, EUR 10.4 milliún, le geilleagar na hÉireann agus, nuair is féidir, beidh obair ann do go leor conraitheoirí áitiúla. Tá obair shuntasach tugtha ag an fheirm gaoithe cheana féin do chonraitheoirí áitiúla agus do Chontae Dhún na nGall agus saineolaithe gairmiúla fostaithe.

Rátaí; faoi ​​mheastóireacht leanúnach rátaí ar fud na tíre, is féidir le feirme gaoithe Ghaoth Dobhair a bheith ag súil le níos mó ná EUR300,000 a íoc i rátaí bliantúla. Beidh ranníocaíochta de EUR7.5 milliún a dhéanamh i saolré ionchais cúig bliana is fiche.

Poist: Beidh Cuideachta áitiú, Barr na Gaoithe ag déanamh bainistíocht theicniúil na feirme gaoithe agus táthar ag súil go n-ardóidh siad líon na foirne mar gheall ar na héilimh mhéadaithe a bheidh ag feidhmiú sa mhargadh leictreachais mórdhíola nua, ar a dtugtar I-SEM.

Tacaíocht Pobail

De réir na dTreoirlínte Nua chun Chleachtais is Fearr arna nglacadh ag IWEA (Cumann Fuinnimh Gaoithe na hÉireann), cuirfidh Gineadoir Gaoithe Ghaoth Dobhair os cionn EUR20,000 sa bhliain ar fáil ar mhaithe leis an bpobal áitiúil. Nuair a thugtar an ranníocaíocht reatha ón fherim gaoithe san áireamh, beidh infheistíocht de idir EUR25,000 – 30,000 in aghaidh na bliana don phobal áitiúil i gceist. Táthar ag súil go mbeidh stiúrthóirí na feirme gaoithe ag plé go díreach leis an phobal áitiúil chun teacht ar chomhaontú maidir le an doigh is fearr leis an t-airgead seo a infheistiú.