Thug Gineadoir Gaoithe Teo le blianta beaga anuas tacaíocht do scoileanna áitiúla agus do eagraisí pobail eile. De réir na dTreoirlínte Nua chun Chleachtais is Fearr arna nglacadh ag IWEA (Cumann Fuinnimh Gaoithe na hÉireann), cuirfidh Feirme Gaoithe Ghaoth Dobhair EUR20,000 sa bhliain ar fáil ar mhaithe leis an phobal áitiúil. Chomh maith leis an ranníocaíocht reatha ón sean ghineadoir, beidh an infheistíocht iomlán de idir EUR25,000 agus EUR30,000 in aghaidh na bliana a dhéanamh. Táthar ag súil go mbeidh stiúrthóirí na feirme gaoithe ag dul i mbun cainteanna díreach leis an phobal áitiúil chun teacht ar chomhaontú maidir leis an doigh is fearr leis an t-airgead seo a infheistiú.