Tá dul chun cinn súntasach déanta ar Fheirm Ghaoithe Ghaoth Dobhair agus cé gur cailleadh amach ar an chuid is fearr de scoith aimsir an tSamhraidh, bhí an Fómhar measartha tirim agus oiriúnach don obair thógála ar an suíomh nocht seo.

Tá críoch curtha anois leis an leagan síos agus tastáil ar na duchtanna cablaí ó stáisiún úr Ard na g Ceapairí ar an príomh bhealach go dtí an stáisiún ar an fheirm ghaoithe. Ba mhian le Feirm Ghaoithe Ghaoth Dobhair buíochas a ghabháil leis an phobal agus úinéirí na talún as a dtuigbhéil agus a bhfoighne le linn do na hoibreacha seo a bheith ar siúl agus do innealltóirí bóithre na Comhairle Contae as a gcuidiú agus a gcomhoibriú le linn an chéim seo den obair. Rinne B.S.L. scrúdaithe rialta le linn na noibreacha chun a chinntiú go raibh an obair críochnaithe ar ard chaighdeán. Tá an Fheirm Ghaoithe sásta le caighdeán na hoibre a bhí tugtha chun críche ag an chonraitheoir áitiúil Hughie Harkin. Rinneadh tastáil agus formheas ar na duchtanna seo ag críoch na hoibre.

Tá leasaithe déanta ar na bóithre aise chuig an suíomh agus obair shuntasach déanta ar bhóithre inmhéanacha agus ar shuíomhanna crua don chrann tógála. Tá sconsa sealadach curtha in áit faoin suíomh chun cosaint a thabhairt do chaoirigh agus eallach ó chontúirtí an tsuíomh, go háirithe le linn an tochailt do dhúshraitheanna na dtuirbíní.

Tá tochailt déanta agus obair tosaithe ar an fhóstáisiún úr 38Kv atá suite os cionn an fhóstaisiún. Tá an conradh ag Conraitheoirí McMenamin an fhóstaisiún úr a thógáil agus tá PowerComm, an príomh chonraitheoir leictreach ar an suíomh, freagrach as an suiteáil leictreach uilig.

Tá an comhlacht as Tír Eoghain Adman roghnaithe don obair shuímh uilig, i.e. bóithre, suíomhanna don chrann tógála agus dúshraitheanna na dtuirbíní etc. Táthar ag súil an chéad dúshraith a chur isteach ag tús mhí Eanáir.

Categories: Nuashonrú