Ba é John Gillespie (nach maireann) as Croithlí a raibhan smaoinigh aige, tús a chur leis an chéad fheirm ghaoithe agus feirm gaoithe Cronalaght a thógail. Chaith John blianta fad i dtús a shaoil ag obair le BSL (ESB), agus mar sin, bhí sé an-eolach ar ghiniúint leictreachais. Sa bhliain 1992, d’oscail Bord na Mona an chéad fheirm gaoithe in Éirinn ag Bellacorrick i gCo. Mhaigh Eo. Bhí an feirm bunaithe ar dheontas aon uair ón EU agus mar chuid de shocrú speisiálta leis an Rialtas agus an ESB. Seachas roinnt stáisiún hidrigin bheaga, bhí monaplacht ag an ESB ar tháirgeadh leictreachais in Éirinn. In ainneoin de seo, d’aithin John suíomh Cronalaght os cionn Ghaoth Dobhair mar shuíomh oiriúnach le haghaidh fuinneamh gaoithe a thairgeadh agus rinne sé staidear ar fhuinneamh gaoithe agus ar chaidé a bhí de dhíth chun feirme gaoithe a thógáil.
An chéad fheirm gaoithe: (Cronalaght 1)
Bunaíodh “Gineadoir Gaoithe Teoranta” agus cuireadh iarratas ar chead pleanála. Bhí sé ar cheann de na chéad iarratais phleanála le haghaidh tuirbíní gaoithe in Éirinn, agus bhí gop leor cur agus cúiteamh idir phleanálaithe agus na forbróirí. Ní raibh aon treoirlínte ann agus ní raibh aon uirlisí ríomhairí sofaisticiúla ar fáil chun an tionchar a mheas. Ní raibh aon eolas ag na bainceanna ar fhuinneamh gaoithe agus níor thug siad tacaíocht do thogra tionscadal gaoithe riamh roimhe. Ba é “Gineadoir Gaoithe Teo” an chéad fheirm gaoithe in Éirinn a fuair maoiniú tionscadail agus bhí orthu dul fhad leis an Banc ICC i gCorcaigh leis an maoiniú a fháil. Fuarthas pleanáil agus airgeadas agus i 1994 thug an Rialtas isteach an chéad chlár tacaíochta d’fhuinneamh gaoithe, ar a dtugtar AER1 (Riachtanas Fuinnimh Malartach). Faoin chlár seo, bhí ar fheirmeacha gaoithe cur isteach ar chomórtas – an comhlacht a bheadh ag lorg an méid is lú tacaíochta gheobhadh siad luach fad tearma ráthaíochta ar an leictreachas a bheadh a ghiniúint acu. Ba é an praghas innéacs a íocadh 4 phingin (sean airgead) in aghaidh an Kwh (aonad). I mí na Bealtaine 1997, thosaigh na chéad 5 tuirbín ag casadh. Lean trí thuirbín eile ina dhiaidh sin i 2000.
Sonraí teicniúla:
Is éard atá i gCronalaght 1 ná 8 tuirbín Vestas; 5 x V 39-600kW agus 3 x V47-660kW; san iomlán 4.98MW. Tá an fheirm gaoithe ag táirgeadh 18,048 MWh ar an mhéan in aghaidh na bliana, rud a léiríonn fachtóir cumais de 42%, atá ar cheann de na cinn is fearr in Éirinn. Déanann cuideachta áitiúil, Barr na Gaoithe Teoranta, gach seirbhís agus cothabháil ar an fheirm chom maith le seirbhís agus cothabháil ar fheirmeacha gaoithe eile i nDún na nGall.
Sonraí airgeadais:
Íocadh an chéad phraghas ráthaithe don chéad cúig tuirbín faoi scéim AER1 go dtí 2010; ó shin i leith tá sé ag brath ar phraghsanna mórdhíola leictreachais sa mhargadh oscailte. Ní bhfuair na 3 tuirbín eile, a tógadh i 2000, tacaíocht ar bith, agus bhí siad i gcónaí ag brath ar an ráta praghais leictreachais sa mhargadh oscailte. D’íoc Gineadoir Gaoithe Teo beagnach 1 milliún Euro i rátaí le bliain is fiche anuas chuig Comhairle Contae Dhún na nGall. Is é EUR47,713 an bille rátaí don Chomhairle Contae i 2018.
Pictiúir de thógáil agus oscailt oifigiúil Feirm Gaoithe Ghaoth Dobhair: