Ón uasdátú deireanach i mí Iúil 2019, bhí muid breá sásta leis an 5 thuirbín a cuireadh suas agus bhí an fheirm ghaoithe réidh le fuinneamh a chur amach ag tús mhí Lúnasa. Mar sin féin, mar go raibh moilliú ar fhostáisiún 110 kv an BSL ag Ard na gCeapairí siar go mall i mí Lúnasa, bhí moill 4 seachtaine i gceist. Chomh luath is a bhí Ard na gCeapairí réidh, bhí fostáisiún an fheirm ghaoithe réidh le fuinneamh a chur aisti ar an 28 Lúnasa 2019. Trí úsáid a bhaint as gineadóirí, agus an transfhoirmitheoir ag an fheirm ghaoithe ar maos ar feadh seachtaine, bhí Vestas ábalta na tuirbiní a chur ar obair agus bhí Gineadóirí Gaoithe Ghaoth Dobhair (GGGG) ábalta leictreachas a thrádáil ar an 08 Meán Fómhair. Ach, mar gheall ar chúrsaí gan mhíniú, níor clárú GGGG le SEMO go dtí an 23 Deireadh Fómhair.
Mar a bhí súil leis, cé go ndeachaidh tús na hoibre measartha maith, bhí corrlúb i gceist ag tús na hoibre. Mar sin féin, glacadh seilbh ar an fheirm ghaoithe ag tús mhí na Nollag agus tá sí ag feidhmiú go hiomlán anois. Mar sin, tháinig an fheirm ghaoithe isteach in am agus de réir an bhuiséid, cé gur baineadh úsáid iomlán as an ilchostais teagmhais de bharr costais gan choinne.
Ar an Mháirt 05 Samhain 2019, thug Ambasadóir na Danmhairge, Uffe A. Balslev, cuairt ar GGGG. Bhí sé mar thoil ag an Uasal Balslev feirm ghaoithe de chuid Vestas a fheiceáil agus mar go raibh na tuirbíní is sine de chuid Vestas i bPoblacht na hÉireann ar an suíomh anseo ar Mhalaidh na Seacht Leacht (Cronalaght), agus fosta na cinn is nua-aimsirí, rogha an-éasca a bhí ann.
Ba mhaith le stiúrthóirí Gineadóirí Gaoithe Ghaoth Dobhair buíochas a ghabháil leis an phobal áitiúil a thaispeán foighne agus tuiscint go háirithe le linn tógáil an chosán cábla agus iompar páirteanna na dtuirbíní go dtí an suíomh. Fosta ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na foirne go léir a d’obair ar an tionscnamh.

Views of the new Gweedore Wind Farm
Views of the new Gweedore Wind Farm
Installation of wind turbines at Gweedore Wind Farm
Installation of wind turbines at Gweedore Wind Farm
Transport of wind turbine components to site at Cronalaght
Transport of wind turbine components to site at Cronalaght
Categories: Nuashonrú