Eoghan agus Owenie Gillespie, thar ceann Gineadóirí Gaoithe Cronalaght, ag bronnadh síntiúis de €1,500 ar gach ceann de na naoi scoil áitiúla chun cuidiú lena n-ullmhúcháin ar athoscailt le linn na heipidéime covid. Is iad na scoileanna: Scoil Bhríde Meeachladaigh, Scoil Adhamhnáin an Lunniagh, Pobal Scoil Ghaoth Dobhair, Scoil Mhuire, Na Doiri Beaga, Scoil Chonaill, An Bunbeag, Scoil Phádraig, Dobhair, Scoil Oilibheir, Rann na Feirste, Scoil Eoin Pol, Loch an Irú agus €2,500 do Scoil Naomh Duigh Anagaire chun cuidiú le clós súgartha a chríochnú.

Categories: Pobail