Tá go leor oibre déanta againn ó thús na bliana 2019 ar thogra Fheirm gaoithe Ghaoth Dobhair.

Sa chéad cheathrú den bhliain cuireadh isteach dúshraiteanna don chúig tuirbín úra. Bhí pilí le cur in áit ar thrí cinn de na dúshraitheanna.

Thóg an gnáth dhúshraith 372m2 de choinchréit agus 44.5 tonna crua iarainn don bhonn.

Thóg an dúshraith le pilí 320 m2 de choinchréit don bhonn, 205m2 de choinchréit do na pilí agus 48.9 tonna de chrua iarainn.

Cuireadh isteach na cablaí ard voltais 38kv agus cablaí snaithíní sna ductanna faoi thalamh ó fhó stáisiún na feirme gaoithe go dtí an fhó stáisiún 110kv ag Ard na gCeapairí. Rinneadh tastáil orthu agus ceadaíodh iad.

Rinneadh fó stáisiún na feirme gaoithe a chríochnú le goirid agus tá coimisiúnú a dhéanamh air faoi láthair.

Tosaíodh ag tús mí Meithimh ag tabhairt páirteanna na dtuirbíní go dtí an suíomh. Críochnaíodh an obair seo gan mór dheacrachtaí ar bith. Cuireadh tús ansin le tógáil agus críochnaíodh an tuirbín deireanach tráthnóna dé Sathairn ar an 27 Iúil 2019.

Bhí fuinnmhiú le déanamh ar na tuirbíní ar na 1 Lúnasa ach tá seo curtha ar ceal ar feadh cúpla lá.

Tá súil againn an fheirm gaoithe a bheith criochnaithe agus i mbun giniúna ag tús mí Meán Fómhair2019.

Dúshraith

Dúshraith

Cablaí ard voltais 38kv

Cablaí ard voltais 38kv

Cablaí ard voltais 38kv

Fó stáisiún

Fó stáisiún

Páirteanna na dtuirbíní

Páirteanna na dtuirbíní

Páirteanna na dtuirbíní

Páirteanna na dtuirbíní

Tógáil na dtuirbíní

Tógáil na dtuirbíní

Tógáil na dtuirbíní

Tógáil na dtuirbíní

Feirm gaoithe Ghaoth Dobhair

Feirm gaoithe Ghaoth Dobhair

Categories: Nuashonrú