Ar Dé Máirt, 18/12/18, rinne Gineadóirí Gaoithe Ghaoth Dobhair síntiús de €1,000 do gach ceann de na cúig bhunscoil sa pharóiste. Bronnadh €1000 breise don chlub CLG áitiúil agus don ionad lae i nDoire Beaga. Tugann sé sin go dtí €10,000 an méid iomlán a thug an chomhlacht don phobal áitiúil le bliain anuas.