Beidh na cúig thuirbín úra suite i leathchiorcal faoi bhun na feirme gaoithe atá ann faoi láthair; Is é 1.0km an t-achar atá leagtha síos idir an tuirbín is gaire agus an teach is gaire agus beidh an fheirm gaoithe ag feidhmiú go maith laistigh de leibhéil torainn ceadaithe. Bainfear úsáid as an bhóthar rochtana na feirme gaoithe chun rochtain a fháil ar an láithreán, tógfar bóithre feirme gaoithe úr 2250 méadar ar fhad chomh maith le limistéir crannacha gaolmhara; beidh na bunúcháin trastomhas ag 20.5m agus 2.7 méadar domhain agus a cheangal ar 70 tonna de chruach agus 470m3 coincréite.
Beidh an limistéar iomlán críochnaithe atá i seilbh an fheirme gaoithe úr níos lú ná 14 acra. Déanfar fostáisiún úr a thógáil taobh thiar den fhostáisiún atá ann cheana féin agus deanfar é a nascadh trí cháblaí faoi thalamh go dtí fostáisiún úr BSL, Ard na gCapairí, ag Eastát Tionscail Bhun Bhig; fad iomlán de 4.46 km, 2.6km ar feadh Bhóthar Réigiúnach 258; 0.32km ar thaobh an N56 agus 0.24km are feadh an bóthar áitiúil L5253-1, agus an 1.3km deiridh suas bóthar rochtana na feirme gaoithe.